YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 6

6
Comhairlí
1A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa,
má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,
2Má chuir do chuid cainte i ngreim thú,
má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú,
3Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt
ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan:
téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.
4Ná lig codladh ar do shúile,
ná suaimhneas ar d'fhabhraí.
5Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste,
nó éan ó láimh an fhoghlaera.
6A leisceoir, téigh chun an tseangáin;
déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
7Níl aon duine le hordú a thabhairt dó,
saoiste ná máistir;
8Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh,
agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.
9An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir?
cathain a éireoidh tú ón suan?
10Bíodh beagán suain, beagán codlata agat;
fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,
11Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí,
agus an ghannchúis, dála an [déirceora].
12An scraiste, an t‑urchóideach,
gabhann sé thart agus grabhas air;
13Luíonn sé súil, scríobann lena chois,
agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar.
14Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc,
agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.
15Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;
déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.
16Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,
agus is gráin lena chroí seacht gcinn:
17Súil an uabhair, teanga an éithigh,
lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,
18Croí a bheartaíonn cealga,
cosa a bhrostaíonn chun an oilc,
19Finné bréige ag spalpadh éithigh,
agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.
Comhairle Athar
20A mhic, coinnigh aithne d'athar,
agus ná tréig teagasc do mháthar.
21Teann le do chroí i gcónaí iad,
agus ceangail faoi do bhráid iad.
22Ag siúl duit, treoróidh siad thú;
i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire;
i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.
23Is lóchrann í an aithne seo
agus is solas é an teagasc;
is modh beatha an ceartú agus an smacht,
24Le thú a chosaint ar an drochbhean,
ar theanga shéimh na mná deoranta.
25Ná cuir dúil do chroí ina scéimh,
agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;
26Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin,
ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.
27An féidir le duine tine a iompar ar a ucht
gan a chuid éadaigh a dhul trí thine?
28Nó an féidir le duine siúl ar ghríosach
gan a chosa a dhó?
29Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan;
ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.
30Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaí
a dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air.
31Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht,
agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.
32Ach níl splinc céille ag an adhaltrach;
déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.
33Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin,
agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal.
34Cuireann éad fear le fraoch feirge,
agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais.
35Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh,
ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air.

Currently Selected:

Seanfhocal 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy