Seanfhocal 18
18
1An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis
agus cuireann [comhairle dʼaon sórt] fearg air.
2Ní hé an machnamh is geal leis an amadán,
ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.
3Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith;
agus leanann an easonóir an masla.
4Uiscí doimhne iad briathra an duine,
tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,
ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.
6Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,
agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7Scriosann béal an amadáin é féin,
agus is gaiste dó a bheola.
8Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,
agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
9An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,
is deartháir é don scriosadóir.
10Túr daingean ainm an Tiarna,
ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11A mhaoin is cathair thréan don saibhir;
is balla ard í, dar leis.
12Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,
ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.
13Baois agus náire is ea
freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.
14Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar,
ach cé a dʼfhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
15Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas,
agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.
16Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine,
agus tugann sé i láthair na bhflatha é.
17Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl,
nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.
18Cuireann an crann críoch le haighnis,
agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.
19Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár;
is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.
20Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féin
toradh a bhéil féin is sáith aige.
21Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga;
an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.
22An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas,
agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
23Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin,
ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.
24[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste,
ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
Currently Selected:
Seanfhocal 18: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.