Bible App logo
Search Icon

Seanfhocal 13

13
1Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar;
ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.
2Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil;
ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.
3An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo,
ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.
4Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair;
ach bíonn an saothrach sáitheach.
5Is fuath leis an bhfíréan an bhréag,
ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú.
6Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha;
milleann an urchóid an peacach.
7Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir,
agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.
8Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir,
ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.
9[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin,
ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.
10Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta;
ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.
11Teipfidh an saibhreas éanuaire;
ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.
12Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí;
ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.
13An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin;
ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.
14Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi,
lena seachnaítear gaistí an bháis.
15Tugtar gean don léirthuiscint,
ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.
16Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas,
ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.
17Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine,
ach tugann teachtaire dílis íocshláinte.
18Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht,
ach onóir don té a ghlacann le ceartú.
19Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar;
ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.
20An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí;
bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
21Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach,
ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan.
22Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta;
ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
23Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht,
ach scuabann an éagóir ar shiúl é.
24An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac;
an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.
25Caitheann an fíréan a sháith,
ach bíonn goile an urchóidigh follamh.

Currently Selected:

Seanfhocal 13: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in