YouVersion Logo
Search Icon

Filipigh 4

4
1Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.
Comhairle
2Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna; 3agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.
4Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. 5Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. 6Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. 7Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.
8Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. 9Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh. 10Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint. 11Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam. 12Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid. 13Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. 14Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.
15Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin. 16Agus le linn dom bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní aon uair amháin é ach faoi dhó. 17Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh. 18Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia. 19Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
20Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.
Beannachtaí
21Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse. 22Cuireann an pobal naofa uile anseo a mbeannacht chugaibh agus iad sin go háirithe a bhaineann le teaghlach Chéasair.
23Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile.

Currently Selected:

Filipigh 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy