Filipigh 2
2
Aithris ar Chríost
1Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh, 2cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. 3Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. 4Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. 5Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost:
6An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas,
níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,
7Ach lom sé é féin.
Agus chuir áir riocht an sclábha
agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
8Agus ar theacht ann dó i gcló daonna,
dʼísligh sé é féin
agus bhí umhal go bás–
go bás na croise féin.
9Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é
agus bhronn air an t‑ainm úd atá os cionn gach ainm,
10i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa
go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann
11agus go ndearbhódh gach teanga,
in ómós do Dhia an tAthair,
gurb é Íosa Críost an Tiarna.
12Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla, 13mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin. 14Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon 15agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne 16mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar. 17Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile. 18Bíodh an t‑áthas céanna oraibhse agus déanaigí comhghairdeas liomsa.
Tiomóid agus Eapafraidíteas
19Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm. 20Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse. 21Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad. 22Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair. 23Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin. 24Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.
25Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom. 26Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite. 27Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air–agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé. 28Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse. 29Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid
mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.
Currently Selected:
Filipigh 2: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: