Uimhreacha 4
4
Finí na Léivíteach
1Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: 2“Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne; 3áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a dʼfhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. 4Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram. 5Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis. 6Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc. 7Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n‑íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith. 8Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t‑iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.
9“Ansin tógaidís éadach corcra agus clúdaídís an coinnleoir solais lena lampaí agus a smóladáin agus a shileadáin agus na crúscaí ola a ghabhann leis. 10Cuiridís é féin agus a ghréithe go léir faoi chlúdach de leathar mín agus leagaidís é ar an mbarra.
11“Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin. 12Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad.
13“Tógaidís an luaithreach den altóir agus leathaidís éadach corcra uirthi, 14agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisíní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann. 15Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.
16“Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”
17Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: 18“Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach. 19Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh. 20Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”
21Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 22“Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne; 23áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain dʼaois a dʼfhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. 24Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí. 25Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála, 26brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram. 27Dualgais uile chlann Ghéirseon–a n‑ualaí agus a gcúraimí–déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu. 28Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.
29“Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne; 30áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain dʼaois a dʼfhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. 31Seo iad an t‑ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa; 32na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar. 33Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.”
34Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine; 35áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain dʼaois a dʼfhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. 36Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear. 37Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a dʼáirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
38Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine; 39áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain dʼaois a dʼfhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. 40Ba é líon a gclann agus a bhfiní dhá mhíle sé chéad agus a tríocha fear. 41Ba é sin líon treabhchais Ghéirseon, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo agus a dʼáirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna.
42Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne: 43áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain dʼaois a dʼfhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. 44Ba é líon a bhfiní trí mhíle dhá chéad fear. 45Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a dʼáirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois. 46Ba é líon iomlán na Léivíteach a dʼáirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael– 47na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a dʼfhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála– 48ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear. 49Ar ordú an Tiarna trí Mhaois, rinneadh an daonáireamh ag leagan a dhualgais agus a ualaigh ar gach fear; áiríodh iad mar a dʼordaigh an Tiarna do Mhaois.
Currently Selected:
Uimhreacha 4: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: