Uimhreacha 35
35
Cion na Léivíteach
1Labhair an Tiarna le Maois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall agus dúirt: 2“Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh. 3Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n‑eallach, dá stoc, agus dá n‑ainmhithe go léir. 4Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh. 5Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo. 6Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile. 7Tugaigí ocht gcathair agus daichead ar fad do na Léivítigh mar aon lena dtalamh féaraigh. 8Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.”
Cathracha Tearmainn
9Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 10“Abair é seo le clann Iosrael:
Nuair rachaidh sibh thar Iordáin trasna go tír Chanán, 11ansin roghnaígí cathracha le bheith ina gcathracha seo mar thearmainn agaibh ón díoltach fola i dhéanann marú gan bheartú dídean. 12Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil. 13Na cathracha seo a thabharfaidh sibh, bídís ina sé cathracha tearmainn. 14Tabharfaidh sibh trí chathair lastall den Iordáin agus trí chathair i dtír Chanán le bheith ina gcathracha tearmainn. 15Beidh na sé cathracha seo mar thearmann ag clann Iosrael agus ag an gcoimhthíoch agus ag an deoraí atá ag cur faoi ina measc, i dtreo gur féidir don té a dhéanann marú cinniúnach teitheadh iontu.
16Ach más amhlaidh a bhuail sé an duine le huirlis iarainn agus gur mharaigh; is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. 17Má bhuail sé é le cloch, sás a mharaithe, ina láimh agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é; ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. 18Nó más amhlaidh a bhuail sé é le harm maide, sás a mharaithe, agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. 19Cuireadh an díoltach fola féin an dúnmharfóir chun báis. Nuair a bhuaileann sé leis, cuireadh sé chun báis é.
20Má thug an marfóir drochíde le barr fuatha ar an duine, nó má chaith sé urchar marfach gan choinne leis chun é a leagan ar lár, 21nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis. 22Ach más trí chinniúint a thug sé drochíde ar an duine, gan mhailís, nó má chaith sé urchar leis agus gan a bheith i luíochán air, 23nó má scaoil sé cloch sás a mharaithe anuas air gan é a fheiceáil agus gur mharaigh sé é amhlaidh sin, chomh fada is nach raibh olc aige dó nó drochrún aige chuige, 24ansin ní foláir don chomhthionól breith a thabhairt de réir na rialacha seo idir an té a rinne an marú agus an díoltach fola, 25agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás. 26Má théann an marfóir aon uair thar teorainneacha na cathrach tearmainn dár theith sé, 27agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air. 28Óir ní foláir don mharfóir fanacht ina chathair thearmainn go bhfaighe an t‑ardsagart bás; tar éis bhás an ardsagairt tá cead ag an marfóir filleadh ar an áit ina bhfuil a mhaoin. 29Bíodh feidhm dlí agus reachta ag na treoracha sin agaibhse agus ag bhur sliocht cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, 30i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair. 31Ná glacaigí éiric ar son anam marfóra a daoradh chun báis; ní foláir é a chur chun báis. 32Agus ná glacaigí éiric ar son duine a theith chun cathrach tearmainn ach ar mian leis filleadh agus maireachtáil sa bhaile roimh bhás don ardsagart. 33Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é. 34Na truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh, a mairimse ina chrioslach; óir mairimse, an Tiarna, i measc chlann Iosrael.”
Currently Selected:
Uimhreacha 35: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: