Nihimiá 9:16-17
Nihimiá 9:16-17 ABN
Ach dʼéirigh siadsan agus ár sinsir uaibhreach, Agus le barr ceanndáine chuir siad suas do dʼaitheanta. Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. Dʼéirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.





