Nihimiá 5
5
Fadhbanna
1Ansin chrom na gnáthdhaoine agus a gcuid ban ag gearán go géar agus go garg in aghaidh a gcomhGhiúdach. 2Dúirt cuid acu: “Tá dʼiallach orainn ár mic agus ar n‑iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.” 3Dúirt cuid eile acu: “Tá dʼiallach orainn ár dtailte, ár bhfíonghoirt agus ár dtithe a chur i ngeall le harbhar a fháil le linn an ghorta.” 4Dúirt a thuilleadh fós acu: “Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc; 5agus cé gur dʼaon mhianach ár bhfeoilne agus feoil ár mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n‑iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n‑iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.”
6Nuair a chuala mé an gearán agus an chaint sin, bhí an-fhearg orm. 7Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: “Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!” Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo. 8Dúirt mé leo: “Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a bʼfhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!” Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu. 9Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint? 10Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin. 11Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.” 12“Déanfaimid cúiteamh,” dʼfhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar. 13Ansin chroith mé amach urlach mʼfhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfágtar follamh é!” Agus dʼfhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.
14Agus thairis sin, ón lá a ceapadh mé mar ghobharnóir orthu i dtír Iúdá, ón bhfichiú bliain de réimeas Artaxarxaes go dtí an dara bliain déag ar fhichid, níor chaith mé féin ná mo ghaolta arán an ghobharnóra. 15Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm. 16Agus lean mé orm ag obair ar an mballa seo leis i rith an ama, cé nach raibh aon talamh agam; bhí mo shearbhóntaí go léir freisin páirteach san obair.
17Shuíodh leathchéad fear ag mo bhord, Giúdaigh (agus ceannairí), gan trácht orthu siúd a thagadh chugainn ó na ciníocha máguaird. 18Dhéantaí damh, sé cinn de chaoirigh breátha, agus éanlaith, a réiteach don bhord ar mo chostas féin gach lá; agus thugtaí deich seithe mar raidhse fíona chugam gach lá. Ach mar sin féin níor éiligh mé riamh costas beatha an ghobharnóra mar go raibh go leor ualaigh le hiompar cheana féin ag an bpobal seo. 19Cuimhnigh, a Dhia, ar mhaithe liom, ar a bhfuil déanta agam ar son an phobail seo.
Currently Selected:
Nihimiá 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: