YouVersion Logo
Search Icon

Nihimiá 11

11
An Daonra
1Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte. 2Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim. 3Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.
4Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz, 5Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá. 6Ba é líon iomlán sliocht Pheiriz a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim ná ceithre chéad seasca a hocht fear inghníomha.
7Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá, 8agus a ghaolta, fir inghníomha, naoi gcéad ochtar agus fiche díobh. 9Bhí Ióéil mac Zicrí i gceannas orthu, agus Iúdá mac Hasanúá ina thánaiste i bhfeighil na cathrach.
10De na sagairt: Iadaiá mac Ióiáiríb, mac 11Sharáiá, mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire Theampall Dé, 12agus a ghaolta a bhí i bhfeighil liotúirge an Teampaill, ocht gcéad agus beirt agus fiche; Adáiá mac Iarochám, mac Phalailiá, mac Aimzí, mac Zacairiá, mac Phaischiúr, mac Mhailcíveá, 13agus a ghaolta, cinn finí, dhá chéad agus beirt agus daichead; Amasaí mac Azarael, mac Achzaí, mac Mhisiléamót, mac Iméir, 14agus a ghaolta, fir inghníomha, céad ochtar ar fichid. Bhí Zaibdíéil mac Hagadól i gceannas orthu.
15De na Léivítigh: Samáiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, mac Bhúiní; 16Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé. 17Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún. 18Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó. 19Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.
20Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh; 21bhí Uizí mac Bháiní, mac Haisibiá, mac Mhatainiá, mac Mhíceá, i gceannas ar na Léivítigh in Iarúsailéim; bhain seisean le clann Ásáf a bhí i bhfeighil cheol an liotúirge i dTeampall Dé. 22Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá. 23Bhí Pataichiá mac Mhiséazabael, de chlann Zearach, mac Iúdá, i gceannas ar gach ar bhain leis an bpobal in ainm an rí.
24Chuir an chuid eile de chlann Iosrael fúthu i mbailte Iúdá, gach duine ina oidhreacht féin, 25agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte, 26i Iéisiúa, i Moládá, i mBéit Peilit, 27i Hazar Seúál, i mBéar Seaba agus ina shráidbhailte, 28i Zicleag, i Maconá, agus ina shráidbhailte, 29in Éan Rimeon, i Zorách, i Iarmút, 30i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.
31Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte, 32in Anátót, i Nob, in Anainiá, 33i Hazór, i Rámá, i nGiotaím, 34i Háidíd, i Zaboím, i Naballát, 35i Lod, in Ónó, agus i nGleann na gCeardaithe. 36 Chuir gasraí áirithe Léivíteach fúthu in Iúdá chomh maith le i mBiniáimin.

Currently Selected:

Nihimiá 11: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in