Léivític 6
6
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air; 3nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine; 4má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé, 5nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh. 6Tugadh sé chun an tsagairt mar íobairt don Tiarna, reithe gan mháchail ón tréad, arna mheas agat de réir tháille an íobairt chúitimh. 7Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó i láthair an Tiarna agus maithfear dó cibé beart ina raibh sé ciontach.”
Sagartacht agus Íobairt
8Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 9“Tabhair na horduithe seo leanas dʼÁrón agus dá chlann mhac:
Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra). 10Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra. 11Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan. 12An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n‑íobairtí comaoineach. 13Bíodh tine dhearg i gcónaí ar an altóir; ná ligtear in éag í.
14Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna. 15Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne–leis an ola agus an túis a cuireadh léi–agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna. 16Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála. 17An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh. 18Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.”
19Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 20“Sí seo an íobairt nach foláir dʼÁrón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n‑ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna. 21Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna. 22An sagart ar chlann Árón atá le hungadh ina áit, déanadh sé mar an gcéanna. Dlí síoraí é seo. Ní foláir an t‑iomlán a loscadh don Tiarna. 23Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.”
24Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 25“Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair:
Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa. 26An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála. 27Aon ní a bhainfidh le feoil an íobarthaigh seo, beidh sé naofa; má stealltar aon bhraon dá fhuil ar éadach, ní foláir an smál a ní in áit naofa éigin. 28An soitheach cré ina mbruitear an fheoil, ní foláir é a smiotadh; ach más i soitheach cré-umha a dhéantar í a bhruith, tá sin le sciúradh agus le ní le huisce. 29Gach fireannach sagairt, is ceadmhach dó í a ithe; tá sí sárnaofa. 30Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach dʼaon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.
Currently Selected:
Léivític 6: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: