YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 3

3
An Íobairt Chomaoineach
1Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail. 2Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra. 3Ní foláir dó cuid den íobairt chomaoineach a ofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, 4an dá dhuán, an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin. 5Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
6Más beithíoch ón tréad a ofrálann sé mar íobairt chomaoineach don Tiarna, ofráladh sé fireannach nó baineannach gan mháchail. 7Más uan a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna. 8Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra. 9Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna ón íobairt chomaoineach: an tsaill, an t‑eireaball méith go léir á ghearradh ón bhfréamh ag cnámh an droma, an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, 10an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin. 11Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.
12Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna, 13agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra. 14Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna an méid seo de: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, 15an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé óna duáin. 16Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach.
Leis an Tiarna an tsaill go léir. 17Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

Currently Selected:

Léivític 3: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in