Iób 5
5
1Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort?
Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú?
2Maraíonn an faltanas an t‑amadán
Agus básaíonn an formad an duine baoth.
3Nuair a chonaic mé duine ceanndána,
Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:
4“Is fada a bheidh an conách óna chlann;
brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
5Beidh cíocras air chun a fhómhair,
Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.
Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”
6Óir ní eascrann urchóid ón ithir,
Ná ní phéacann anró as an talamh,
7Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,
Mar a eitlíonn na badhbha in airde.
8Uime sin is chun Dé a ghairmfinn
Agus is dó a nochtfainn mo chúis;
9(Déanann seisean éachtaí gan áireamh,
Iontais nach féidir a ríomh.)
10Dáileann sé fearthainn ar an talamh
Agus seolann uiscí ar na bánta.
11Ardaíonn sé na daoine ísle
Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.
12Cuireann sé bearta na gcealgairí amú,
I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh.
13Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais,
Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.
14Bíonn dorchadas rompu sa lá
Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.
15Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos,
Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
16Fágann sin dóchas ag an dearóil,
Agus a chlab dúnta ag an éagóir.
17Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia;
Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
18Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht;
Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.
19Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid,
Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.
20Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta,
Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.
21Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga,
Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
22Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc],
Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta.
23Beidh conradh agat le clocha an ghoirt,
Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.
24Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán,
Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.
25Feicfidh tú do shíol ag síolrú,
Agus do shliocht mar fhéar an bháin.
26Rachaidh tú isteach i dʼuaigh i bhfómhar aibí do bhlianta,
Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth.
27Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá;
Éist leis; tabhair aird go maith air.
Currently Selected:
Iób 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: