YouVersion Logo
Search Icon

Iób 42

42
Freagra Iób
1Dʼfhreagair Iób an Tiarna agus dúirt:
2Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh,
Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort.
3“Cé hé seo a cheileann comhairle
Le briathar gan eolas?”
Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé,
Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.
4Éist, le do thoil, agus labhróidh mé;
“Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t‑eolas.”
5Ní raibh agam ort ach clos tráchta,
Ach anois chonaic mo shúile cinn thú.
6Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin,
Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
Dúnadh
7Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i dʼaghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób. 8Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.” 9Dʼimigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo dʼfhonn déanamh mar a dʼordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.
10Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.
11A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó. 12Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige. 13Agus bhí seachtar mac agus triúr iníon aige. 14Thug sé Imíomá ar an gcéad iníon, Cizíá ar an dara hiníon, agus Ceirin Hapúc ar an tríú hiníon. 15Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób.
Agus thug a n‑athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha.
16Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin. Agus mar sin dʼéag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána.

Currently Selected:

Iób 42: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in