Iób 26
26
Iób Fíréanta
1Ansin dʼfhreagair Iób, agus dúirt:
2Nach breá an chabhair a thug tú don lag!
Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!
3Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!
Agus an misneach don lagmhisniúil.
4Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?
Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?
5Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,
Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.
6Tá Seól tarrnocht os a chomhair,
Agus Abadón gan bhrat.
7Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús
Agus a chroch an chruinne ar neamhní.
8Cheangail sé na huiscí ina néalta,
Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.
9Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],
Agus leath sé a néal thairsti.
10Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí,
Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
11Tagann creathán ar cholúin na spéire,
Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
12Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,
Agus threascair sé Ráhab lena éirim.
13Shoilsigh a anáil na spéartha,
Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.
14Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí!
Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair!
Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?
Currently Selected:
Iób 26: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.