YouVersion Logo
Search Icon

Iób 19

19
Buaic an Chreidimh
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2An fada a bheidh sibh do mo chiapadh
Agus do mo bhascadh le focail?
3Thug sibh tarcaisne dom deich n‑uaire
Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach.
4Fág go ndeachaigh mé amú,
Nach bhfanann mo locht faram féin?
[Labhair mé focail gan tairbhe,
Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]
5Má bhíonn sibh uaibhreach liom,
Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,
6Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé,
Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
7Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm.
Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
8Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis.
Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán.
9Dʼfhuadaigh sé mo ghlóir,
Agus bhain an choróin de mo cheann.
10Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé.
Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.
11Dʼadhain sé a fhearg i mʼaghaidh,
Agus dʼáirigh sé mé mar namhaid dó.
12Tháinig a fhórsaí i mʼaghaidh in éineacht,
Thug siad ruathar fúm,
Agus chuir léigear ar mo bhoth.
13Thréig mo bhráithre mé,
Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad.
14Dʼimigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim,
Agus rinne mʼaíonna i mo theach dearmad orm.
15Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh;
Níl ionam ach duine deoranta dar leo.
16Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé;
Ní foláir dom dul ag tathant air.
17Is bréan le mo bhean an anáil asam,
Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé.
18Tá drochmheas ag na leanaí féin orm;
Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
19Is fuath le mo chairde cléibh mé,
Agus an mhuintir dá dtug mé grá, dʼiompaigh siad i mʼaghaidh.
20Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann,
Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
21Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom,
Óir threascair lámh Dé mé.
22Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé?
Nach bhfuil bhur sáith de mʼfheoil ite agaibh?
23Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra,
Nár inscríobhadh iad ar scrolla,
24Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe,
Ar charraig go brách.
25Is eol dom go maireann mo chosantóir beo,
Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
26Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas,
Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,
27–An té a dʼfheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh,
An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom.
Tá mo leasracha á gcnaí!
28Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air?
Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
29Bíodh eagla oraibh féin anois roimh an gclaíomh,
Mar adhanfar fraoch na feirge in aghaidh na hurchóide,
Le go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil breithiúnas ann dáiríre.

Currently Selected:

Iób 19: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in