Iób 12
12
Nochtann Oibreacha Dé a Eagna
1Ansin dʼfhreagair Iób agus dúirt:
2Sibhse gan amhras lucht na tuisceana,
Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!
3Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh,
Agus níl an tosach agaibh orm,
Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin?
4Is ceap magaidh mé do mo chairde,
Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra!
Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.
5An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise,
Agus sonc don té a fuair barrthuisle.
6Tá an rath ar bhothanna na ladrann;
Níl baol ar lucht Dia a ghríogadh,
An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.
7Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú!
Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;
8Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit,
Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.
9Céard é ina measc seo go léir nach eol dó
Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?
10Tá anam gach dúile beo ina ghlaic,
Agus anáil anama an chine dhaonna.
11Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadh
Agus an carball an bia a bhlas?
12Leis an tseanaois a ghabhann an eagna
Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta.
13Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,
Is aige atá comhairle agus tuiscint.
14Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán;
Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
15Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc;
Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.
16Tá neart ann agus teacht aniar;
Is leis an dul amú agus an cur amú;
17Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochta
Agus breithiúna ina n‑amadáin.
18Scaoileann sé crios na ríthe
Agus ceanglann brat íochtair faoina gcoim.
19Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta
Agus leagann ar lár na huaisle.
20Ní fhágann sé focal ag na soilbhire,
Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí.
21Maslaíonn sí flatha
Agus coilleann ceandáine na dtréan.
22Nochtann sé rúin as an dorchadas,
Agus tugann an scáil dhorcha chun solais.
23Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt;
Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh.
24Sciobann sé ar shiúl tuiscint lucht ceannais na tíre,
Agus fágann iad ar guardal i bhfásach gan treoir;
25Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas
Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.
Currently Selected:
Iób 12: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.