Iúidit 16
16
Laoi Iúidit
1Ansin, agus Iosrael go léir ina timpeall, chuir Iúidit ceann ar an laoi mholta seo, agus chan an pobal go léir an t‑iomann seo in ard a gcinn 2Dúirt Iúidit:
Crochaigí suas do Dhia é ar na tiompáin!
Ceolaigí don Tiarna leis na ciombail!
Déanaigí comhcheadal sailm agus caintice dó!
Déanaigí a ainm a mhóradh agus a ghairm.
3Óir is Dia a bhascann cogaí é an Tiarna,
Mar shuigh sé a longfort i measc a phobail.
Agus dʼfhuascail mé ó lámha mo naimhde.
4Tháinig an tAsaíreach aduaidh ó na sléibhte;
Tháinig sé leis na mílte ar mhílte dá shluaite;
Rinne a mhathshlua coisithe na gleannta a thachtadh,
Agus bhí a mharcshlua mar bhrat ar na sléibhte.
5Mhaígh sé go gcuirfeadh sé mo chríocha trí thine,
Agus go n‑imreodh sé faobhar claímh ar mʼógfhir,
Go mbascfadh sé mo naíonáin ar an urlár,
Go bhfuadódh sé mo leanaí mar bhrad,
Agus mo mhaighdeana mar chreach;
6Ach chuir an Tiarna uilechumhachtach bac orthu
Trí láimh mná.
7Óir ní le lámh na n‑ógánach a thit a gcumasach,
Ná ní hiad clann na dTíotan a leag ar lár é,
Ná ní hiad na fathaigh uallacha a rinne an fogha;
Ach is í Iúidit, iníon Mharáraí,
A scrios é le scéimh a ceannaithe.
8Mar bhain sí di a feisteas baintrí,
Dʼfhonn misneach a thabhairt do lucht an drochmhisnigh in Iosrael.
Rinne sí a haghaidh a ungadh le hola,
9Agus a folt a chóiriú faoi cheannbheart,
Agus chuir brat lín uimpi lena bhréagadh.
10Rinne a cuarán a shúil a mhealladh,
Agus chuir a háille cluain ar a aigne,
Agus ghabh an claíomh trína mhuineál!
11Chuir a misneach scéin ar na Peirsigh,
Agus a dánaíocht scanradh ar na Méidigh.
12Tháinig [critheagla] orthu nuair a liúigh mo phobal tláth.
Tháinig ballchrith orthu nuair a liúigh siad níos airde,
Agus theith siad nuair a chuir siad an liú is airde astu.
13Chuir clann mhac na gcailíní an tsleá tríothu,
Agus ghoin iad mar dhéanaidís leanaí na dteifeach.
Cailleadh iad os comhair arm eagraithe mo Thiarna.
14Canfaidh mé iomann nua do mo Dhia.
A Thiarna, is mór é thú agus is glórmhar,
Is éachtach thú i neart, agus ní féidir thú a chloí.
15Go bhfóna do chruthaíocht go léir duit,
Óir labhair tú agus rinneadh iad.
Sheol tú do spiorad uait agus chum sé iad.
Níl aon duine ann a dʼfhéadfadh cur i gcoinne do ghlóire.
16Creathfar na sléibhte óna mbonn
Ina meascán leis na huiscí.
Leáfaidh na carraigeacha romhat
Faoi mar a dhéanfadh an chéir.
Ach beidh tú trócaireach i gcónaí
Leis an muintir ar a bhfuil eagla romhat.
17Is suarach é gach íobairt mar ofráil chumhra.
Agus sé is lú ar fad ná an tsaill dʼíobairt loiscthe.
An té ar a bhfuil eagla ar an Tiarna, beidh tathag ann go brách.
18Is mairg do na náisiúin a éiríonn in aghaidh mo chine!
Déanfaidh mo Thiarna uilechumhachtach
díoltas a imirt orthu lá na breithe;
Seolfaidh sé tine agus cruimheanna ina bhfeoil
Agus goilfidh siad le pian go deo.
19Nuair a shroicheadar Iarúsailéim dʼadhradar Dia, agus a luaithe a bhí an pobal íonghlanta rinneadar a n‑íobairtí loiscthe agus a n‑íobairtí deonacha agus a mbronntanais a ofráil. 20Rinne Iúidit gréithe uile Holofarnaes, a thug an pobal di, agus an ceannbhrat a thug sí féin léi ón seomra leapa, a thíolacadh do Dhia mar ofráil mhóide. 21Bhí an pobal ag ceiliúradh in Iarúsailéim os comhair an Teampaill ar feadh trí mhí agus dʼfhan Iúidit ina dteannta.
Deireadh Saoil Iúidit
22Nuair a bhí na laethanta sin thart dʼfhill gach duine ar a oidhreacht féin; chuaigh Iúidit ar ais go Béitiúilia agus chuir fúithi ina tailte féin; bhí meas uirthi ar fud na tíre go léir lena linn. 23Bhí a lán daoine á tochmharc, ach níor phós sí ar ais le haon duine ar feadh a saoil ón lá a dʼéag a céile, Manaise, agus a bailíodh é chun a mhuintire. 24Leath a clú agus a cáil i bhfad i gcéin de réir mar chuaigh sí in aois i dteach a fear céile nó go raibh sí céad agus a cúig bliain dʼaois. Thug sí a saoirse dá hionailt. Fuair sí bás i mBéitiúilia agus chuireadar í in uaimh a fear céile, Manaise, 25agus chaoin teaghlach Iosrael í ar feadh seacht lá. Sula bhfuair sí bás roinn sí a maoin ar ghaolta a fir, Manaise, agus a gaolta féin. Níor chuir aon duine scanradh ar chlann Iosrael go deo arís go lá a báis ná ar feadh aga fhada ina dhiaidh sin.
Currently Selected:
Iúidit 16: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: