YouVersion Logo
Search Icon

Iúidit 13

13
Bás Holofarnaes
1Nuair a chuaigh sé i ndéanaí, bhrostaigh a ghiollaí leo, agus dʼiaigh Bagóas an bhoth ó lasmuigh, agus chuir ar shiúl ó láthair a thiarna an mhuintir a bhí timpeall air; chuadar a chodladh mar bhí tuirse orthu go léir tar éis an charbhais a bhí chomh fada sin. 2Fágadh Iúidit ina haonar sa bhoth, agus Holofarnaes sínte ar a leaba agus é ar deargmheisce le fíon. 3Dúirt Iúidit lena hionailt fanacht lasmuigh den seomra leapa agus feitheamh nó go dtiocfadh sí amach mar a rinne gach lá; mar a dúirt sí go mbeadh sí ag dul amach le guí a dhéanamh. Bhí an rud céanna ráite aici le Bagóas. 4Dʼimigh gach duine amach dá bhrí sin, agus níor fágadh aon duine, beag ná mór, sa seomra leapa. Bhí Iúidit ina seasamh ansiúd cois na leapa agus dúirt sí léi féin ina croí: “A Thiarna, a Dhia uilechumhachtaigh, féach ag an am seo ar bhearta mo lámh chun glóire Iarúsailéim. 5Anois an uain le teacht i gcabhair ar dʼoidhreacht, agus mo sheift a chur i gcrích leis na naimhde atá éirithe amach inár gcoinne a scriosadh.” 6Ansin chuaigh suas go cearchaill na leapa os cionn cheann Holofarnaes agus thóg anuas a chlaíomh a bhí ar crochadh ansiúd. 7Dhruid sí lena leaba agus rug ar mhothall a chinn air agus dúirt: “Treisigh liom inniu, a Thiarna, Dia Iosrael.” 8Bhuail sí faoi dhó i mbaic an mhuiníl é le lán a nirt, agus theasc sí an ceann dá cholainn. 9Ansin tharraing sé a chorp den leaba agus strac anuas an ceannbhrat dá chuaillí; dʼimigh sí amach ansin tar éis tamaill bhig agus thug ceann Holofarnaes dá hionailt, 10agus chuir sise ina mála bia é.
Ceann Holofarnaes á Bhreith go Béitiúilia
Ghabh an bheirt acu amach le chéile ansin faoi mar ba ghnáth leo chun urnaí; nuair a scaradar leis an longfort, rinneadar timpeall an ghleanna agus chuadar an cnoc suas go Béitiúilia agus shroicheadar a gheataí. 11Ghlaoigh Iúidit ó chéin chun an lucht faire ag na geataí agus dúirt: “Osclaígí, osclaígí an geata! Tá Dia, ár nDia farainn fós lena neart a imirt in Iosrael, agus a lámh láidir a nochtadh in aghaidh a naimhde, rud a rinne sé inniu féin!” 12Nuair a chuala muintir na cathrach a guth, bhrostaigh siad anuas go geata an bhaile agus chuir siad gairm ar sheanóirí an bhaile. 13Tháinig siad go léir idir bheag agus mhór le chéile le barr luais, mar bhí sé dochreidte acu í a fhilleadh; dʼoscail siad an geata agus scaoil isteach iad, dʼadhain siad tine le solas a thabhairt agus chruinnigh siad ina dtimpeall. 14Ansin dúirt sí in ard a gutha: “Molaigí Dia! Moladh dó! Molaigí Dia óir níor dhiúltaigh sé a thrócaire do theaghlach Iosrael, ach ár naimhde a scriosadh trí mo láimhse anocht féin!” 15Ansin thóg sí an ceann as an mála, thaispeáin dóibh é, agus dúirt leo: “Seo é ceann Holofarnaes, ceann feadhna arm na hAsaíre, agus seo é an ceannbhrat ar luigh sé faoi agus é ar deargmheisce. Leag an Tiarna ar lár é le láimh mná. 16Dar an Tiarna beo, an té sin a chosain mé ar mo bhealach, ba i mʼaghaidh a mheall é chun a scriosta, ach, féach, nach ndearna sé aon choir liom chun mʼaithise agus mo náirithe.” 17Bhí ardionadh ar an bpobal ar fad, agus chrom siad go talamh in ómós do Dhia agus dúirt siad dʼaonghuth: “Moladh leat, a Dhia linn, óir chuir tú náire ar naimhde do phobail inniu.” 18Agus dúirt Uizíá le [Iúidit]: “Is beannaithe thú ag Dia, an té is airde, thar mná an domhain go léir; moladh leis an Tiarna Dia, a chruthaigh neamh agus talamh, agus a threoraigh thú lena cheann a theascadh de cheannaire ár naimhde. 19Ní rachaidh cuimhne ar an muinín a nocht tú ar ceal ó chroíthe daoine go brách fad a bheidh cuimhne acu ar neart Dé. 20Go ndeonaí Dia é seo a bheith mar onóir bhuan agat agus go seola sé beannachtaí i do bhóthar; óir ní dhearna tú dʼanam féin a choigilt nuair a bhí ár gcine sa díog, ach chosain tú sinn ar an tubaiste agus ghabh tú an cosán díreach i láthair ár nDe.” Agus dʼfhreagair an pobal ar fad: “Amen! Amen!”

Currently Selected:

Iúidit 13: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in