Iúidit 11
11
Buaileann Iúidit Leis
1Ansin dúirt Holofarnaes léi: “Bíodh misneach agat a bhean agus ná bíodh eagla chroí ort, mar ní dhearna mé dochar riamh dʼaon duine a chuir roimhe géilleadh do Nabúcadnazar, rí an domhain go léir. 2Agus anois féin mura mbeadh gur mhaslaigh do mhuintir, a bhfuil cónaí orthu sna hardáin, mé ní thógfainn an tsleá ina n‑aghaidh; ach iad féin a thug é seo go léir sa mhullach orthu féin. 3Inis domsa anois, más ea, cén fáth ar theith tú uathu agus ar tháinig tú chugainne, óir tá tú ar láimh shábháilte. 4Bíodh misneach agat; cuirfidh tú an oíche dhíot slán sábháilte, agus beidh tú amhlaidh as seo amach. Ní chuirfidh aon duine isteach ort, ní dhéanfaidh sin, ach caithfidh cách go maith leat mar a dhéanann siad le searbhóntaí mo thiarna Nabúcadnazar rí.” 5Dʼfhreagair Iúidit: “Tabhair cluas do bhriathra do dhaoirsí, agus labhróidh dʼionailt i do láthair; ní inseoidh mé aon éitheach do mo thiarna anocht. 6Má dhéanann tú de réir mar a deir dʼionailt, tabharfaidh Dia do shaothar chun dea-chríche; agus rithfidh le mo thiarna a chuspóirí a chur i gcrích. 7Fad saoil do Nabúcadnazar, rí an domhain uile, an té a sheol thú le gach duine beo a threorú; go maire a fhlaitheas. Ní hiad an cine daonna amháin a dhéanann seirbhís dó tríotsa, ach ainmhithe an mhachaire, an t‑eallach agus na héin–mairfidh siad faoi scáth Nabúcadnazar agus a theaghlaigh go léir trí do chumhachtsa. 8Óir chualamar trácht ar dʼeagna agus ar dʼéirim, agus tá sé i mbéal an uile dhuine nach bhfuil do leithéid le fáil san impireacht ar fad le cumas agus le taithí agus le barr clisteachta ag fearadh cogaidh. 9Chualamar freisin na nithe úd a dúirt Aichíór in bhur gcomhairle; rinne muintir Bhéitiúilia anacal anama air agus dʼinis sé dóibh gach a ndúirt sé leatsa. 10Anois más ea, a thiarna agus a mháistir, ná déan faillí ina ndúirt sé, ach taiscigh i do chroí é, mar is fíor é; ní féidir ár gcine a phionósú, ná níl cumhacht ag an gclaíomh ina n‑aghaidh, mura bpeacaíonn siad in aghaidh a nDé. 11Ach anois, i dtreo nár bhaol do mo thiarna go mbrisfí air agus go dteipfeadh air, tá an bás i ndán dóibh, óir tá peaca tagtha sa mhullach orthu, peaca trína gcuirfidh siad fearg ar a nDia, gach uair a dhéanfaidh siad é. 12Tá easpa bia orthu agus tá a gcuid uisce go léir imithe i ndísc, agus bheartaigh siad a n‑eallach a mharú, agus chinn siad feidhm a bhaint as na nithe úd go léir a choisc Dia orthu lena dhlíthe a ithe. 13Ní hé amháin go bhfuil sé socair acu céadtorthaí an arbhair agus deachúna an fhíona agus na hola a chaitheamh, cé go bhfuil siadsan coisricthe agus tíolactha do na sagairt a dhéanann freastal i láthair ár nDé in Iarúsailéim, agus ní cheadmhach don phobal fiú baint leis na nithe sin lena lámha. 14Sheol siad teachtairí go Iarúsailéim–tá an rud céanna ar siúl ag an muintir ansiúd–le cead a thabhairt ar ais chucu ón seanad. 15Mar seo a bheidh: nuair a gheobhaidh siad scéala agus go ndéanfaidh siad dá réir, an lá ceannann céanna sin, tabharfar suas duitse iad le scrios. 16Nuair a fuair mise, do dhaoirseach, an méid sin go léir amach, theith mé uathu. Agus chuir Dia mé le nithe a bhainfidh creathadh as an domhan go léir, de réir mar a chloisfidh siad fúthu, a chur i gcrích i do theannta. 17Bean dheabhóideach is ea do dhaoirseach, agus déanann sí freastal ar Dhia na bhFlaitheas de lá agus oíche. Fanfaidh mé farat dá bhrí sin, a thiarna; rachaidh do dhaoirseach amach faoin ngleann gach oíche agus guífidh mé chun Dé agus déarfaidh sé liom cathain a bheidh peaca déanta acu. 18Ansin tiocfaidh mé agus inseoidh mé duit é agus gluaisfidh tú amach le do shlua go léir agus ní sheasóidh aon duine díobh an fód i dʼaghaidh. 19Ansin déanfaidh mé thú a threorú trí cheartlár Iúdáia nó go sroichfidh tú Iarúsailéim; agus cuirfidh mé do ríchathaoir ansiúd ina lár; agus déanfaidh tú iad a threorú mar dhéanfá caoirigh gan aoire; agus ní leomhfaidh fiú madra sceamh a thabhairt i dʼaghaidh. Fuaireas an méid sin amach trí réamheolas; fógraíodh domsa é agus seoladh mé le hé a insint duit.”
20Thaitin a cuid cainte le Holofarnaes agus lena ghiollaí go léir, agus rinne siad ionadh dá heagna á rá: 21“Níl a leithéid de bhean ó cheann ceann na cruinne, ar áille snó ná ar eagna briathar!” 22Dúirt Holofarnaes léi: “Is maith a rinne Dia é, tú a chur ar aghaidh roimh do phobal lenár lámha a neartú agus le scrios a thabhairt orthu siúd a thug masla do mo thiarna.”
23“Ní amháin go bhfuil tú sciamhach snó, ach eagnaí briathar freisin; má dhéanann tú mar atá ráite agat, beidh do Dhia mar Dhia agamsa, agus cuirfidh tú fút i bpálás Nabúcadnazar rí, agus beidh cáil ort ar fud na cruinne go léir.”
Currently Selected:
Iúidit 11: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: