Breithiúna 9:7-15
Breithiúna 9:7-15 ABN
Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse. Chuaigh na crainn amach tráth Chun rí a ungadh dóibh féin Agus dúradar leis an gcrann olóige: ‘Bíse i do rí orainn!’ Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’ Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’ Dúirt an crann figí leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?’ Agus dúirt na crainn leis an bhfíniúin: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ Ach dʼfhreagair an fhíniúin iad: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mʼfhíon A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine Dʼfhonn bheith i réim ar na crainn?’ Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’ Ach dúirt an dris leis na crainn: ‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’





