YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 8

8
1Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: “Cad ab áil leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?” Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh, 2ach dʼfhreagair sé iad: “Cad tá déanta agamsa seachas agaibhse? Nach fearr ceannóga fíniúna Eafráim ná fómhar fíona Aibíeizir? 3Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?” Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin.
Cogadh Thoir
4Tháinig Gideón go dtí an Iordáin agus chuaigh thairsti sall, ach bhí sé féin agus a thrí céad comrádaí sa tóir tuirseach tnáite. 5Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: “Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.” 6Dʼfhreagair taoisigh Shucót: “Arán a thabhairt do dʼarm? An ea go bhfuil greim agaibh cheana féin ar Zeaba agus ar Zalmuná?” 7Agus dúirt Gideón: “Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.” 8Chuaigh sé as sin go Panúéil agus dʼiarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót. 9Agus dʼfhreagair sé muintir Phanúéil: “Nuair a fhillfidh mé faoi bhua, scriosfaidh mé an túr seo.”
10Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fágtha ar fad dʼarm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár. 11Ghabh Gideón suas ar feadh bealach na gcarbhán lastoir de Noba agus Iogbahá agus dʼionsaigh sé an t‑arm gan choinne. 12Theith Zeaba agus Zalmuná, chuaigh sé sa tóir orthu, ghabh dhá rí Mhidián, Zeaba agus Zalmuná, agus [scrios] sé an t‑arm go léir. 13Ansin dʼfhill Gideón mac Ióáis ón gcath trí Mhám Heireas. 14Ghabh sé fear óg de mhuintir Shucót, agus cheistigh é agus scríobh seisean síos dó ainmneacha taoisigh agus seanóirí Shucót, seachtar seachtód ar fad. 15Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do dʼarm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ” 16Ansin ghabh sé seanóirí na cathrach, agus fuair sé deilgneach fásaigh agus sceacha agus [stoll] sé muintir Shucót leo. 17Scrios sé túr Phanúéil agus chuir sé ár mhuintir na cathrach.
18Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.” 19Dʼfhreagair Gideón: “Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.” 20Ansin dʼordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: “Éirigh agus cuir chun báis iad!” Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach. 21Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin dʼéirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.
Bás Ghideón
22Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: “Bí i gceannas orainn–thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar dʼfhuascail tú sinn as láimh Mhidián.” 23Dúirt Gideón leo: “Ní bheidh mise i gceannas oraibh, ná ní bheidh mo mhac i gceannas oraibh; beidh an Tiarna i gceannas oraibh.” 24Dúirt Gideón leo: “Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom”–bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad. 25Dʼfhreagair siad: “Tabharfaimid agus fáilte.” Leath sé brat ansin agus chaith gach duine díobh na fáinní as a chreach ar an mbrat. 26Ba é meáchan na bhfáinní óir a dʼéiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall. 27Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.
28Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón. 29Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin. 30Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige. 31Bhí bean luí aige i Seicim agus rug sí sin mac dó chomh maith, ar ar thug sé Aibímeilic. 32Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; dʼéag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach.
33Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia. 34Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a dʼfhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall. 35Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith dʼIosrael.

Currently Selected:

Breithiúna 8: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in