Breithiúna 21
21
Biniáimin á dTarrtháil
1Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: “Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.” 2Chuaigh an pobal go Béitéil agus dʼfhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar. 3Dúradar: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán dʼIosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?” 4Lá arna mhárach, dʼéirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus dʼofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. 5Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá. 6Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: “Tá treibh gearrtha chun siúil dʼIosrael inniu. 7Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n‑iníonacha féin dóibh le pósadh?”
8Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól, 9mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann. 10Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus dʼordaigh dóibh: “Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile. 11Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.” Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.] 12Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán. 13Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon. 14Dʼfhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann. 15Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael. 16Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: “Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?” 17Agus dúradar: “Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin dʼfhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael? 18Ní féidir dúinn féin ár n‑iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.” Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: “Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.” 19“Ach, féach!” ar siad, “tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.” (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéitéil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.) 20Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: “Téigí i luíochán sna fíonghoirt 21agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin. 22Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ” 23Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a dʼfhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, dʼfhilleadar ar a n‑oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu.
24Dʼimigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; dʼfhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin.
25Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin.
Currently Selected:
Breithiúna 21: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: