Breithiúna 17
17
Sanctóir Mhíceá
1In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú. 2Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh–rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin– 3fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t‑airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh–tá an t‑airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” Dʼfhreagair a mháthair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Míceáhú an t‑aon chéad déag seicil ar ais di.
4Ansin thóg a mháthair an t‑aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í. 5Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige. 6Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.
7Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta. 8Dʼfhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá. 9Dʼfhiafraigh Míceá de: “Cá has a dtagann tú?” Dʼfhreagair seisean: “Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.” 10Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i dʼathair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach. 11Dʼaontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t‑ógánach aige mar mhac leis féin. 12Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus dʼfhan sé ina theach. 13Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”
Currently Selected:
Breithiúna 17: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: