Breithiúna 14
14
Pósadh Shamsón
1Chuaigh Samsón síos go Timneá agus luigh a shúil ansiúd ar cheann dʼiníonacha na bhFilistíneach. 2Dʼfhill sé ar ais ansin agus dʼinis é sin dá athair agus dá mháthair. “Chonaic mé,” ar sé, “ceann dʼiníonacha na bhFilistíneach i dTimneá. Faighigí dom í le bheith mar bhean agam.” 3Dúirt a athair agus a mháthair leis: “An bhfuil aon bhean ar iníonacha do ghaolta, nó do chine go léir, a rá is go gcaitheann tú dul agus bean a fhail i measc na bhFilistíneach gan timpeallghearradh?” Dʼfhreagair Samsón a athair: “Faigh í seo dom, faigh sin! Mar taitníonn sí go mór liom.” 4Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t‑am úd.
5Chuaigh Samsón síos go Timneá ansin (lena athair agus lena mháthair). Ag druidim le fíonghoirt Thimneá dó, chonaic sé leon óg ag teacht faoina dhéin agus é ag glamaíl. 6Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé. 7Ghabh sé síos ansin agus labhair sé leis an mbean agus thaitin sí go mór leis. 8Dʼfhill Samsón go luath ina dhiaidh sin chun í a phósadh. Chuaigh sé i leataobh chun conablach an leoin a fheiceáil, agus, féach! bhí saithe beach i gcabhail an leoin, agus roinnt meala. 9Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus dʼith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a dʼfhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; dʼith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin. 10Ghabh a athair síos ansin go dtí an bhean, agus rinneadar féile do Shamsón ansiúd ar feadh seacht lá, mar ba nós le fir óga. 11Ach nuair a fuaireadar radharc air, thoghadar deichniúr comrádaí ar fhichid chun fanacht ina theannta.
12Ansin dúirt Samsón leo: “Cuirim tomhas chugaibh. Má bhíonn an freagra agaibh dom agus a fháil amach céard é laistigh de sheacht lá na féile, tabharfaidh mé tríocha brat de línéadach mín, agus tríocha éide aonaigh daoibh. 13Ach mura féidir daoibh teacht ar an bhfreagra dom, tabharfaidh sibhse ansin tríocha brat de línéadach mín agus tríocha éide aonaigh domsa.” “Cuir do thomhas chugainn!” ar siad leis, “táimid ag éisteacht.” 14Dúirt sé leo dá bhrí sin:
“As an iteoir, tháinig rud le hithe;
As an tréan, tháinig an milis.”
Ar feadh trí lá chuaigh díobh an tomhas a réiteach. 15Ar an gceathrú lá dúradar le bean Shamsón: “Meall dʼfhear chun réiteach an tomhais a thabhairt dúinn, nó dófaimid thú féin agus teach dʼathar. An chun sinn a chreachadh a thug tú cuireadh anseo dúinn?” 16Ansin chrom bean Shamsón ar na deora a shileadh ina láthair a rá: “Ní grá atá agat dom ar ndóigh, ach fuath. Chuir tú tomhas chun mo mhuintire, ach níor bhac tú fiú leis an bhfreagra a insint dom.” Agus dúirt sé léi: “Féach, níor inis mé é fiú do mʼathair ná do mo mháthair, agus an amhlaidh a dʼinseoinn duitse é?” 17Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá dʼinis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin dʼinis sise freagra an tomhais dá muintir.
18Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis:
“Cad is milse ná mil?
Cad is tréine ná leon?”
Dʼfhreagair sé:
“Gan treabhadh le mo bhodóg
Ní bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.”
19Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n‑éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. Dʼfhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air. 20Tugadh bean Shamsón dá chomrádaí, an té a sheas leis.
Currently Selected:
Breithiúna 14: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: