YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 10

10
Mion-Bhreithiúna
1Tar éis Aibímeilic, dʼéirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim. 2Ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh trí bliana fichead; dʼéag sé ansin agus cuireadh é i Seámaír.
3Ina dhiaidhsean, dʼéirigh Iáír ó Ghileád, agus ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh dhá bhliain fhichead. 4Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád. 5Dʼéag Iáír agus cuireadh é i gCámón.
6Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. Dʼfhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh. 7Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh, 8agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael–ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád. 9Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
10Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i dʼaghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.” 11Dʼfhreagair an Tiarna clann Iosrael: “Nár fhuascail mé sibh ó na hÉigiptigh, na hAmóraigh, na hAmónaigh, na Filistínigh, 12na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm? 13Dá ainneoin sin, thréig sibh mise agus rinne sibh fónamh do dhéithe eile; uime sin ní dhéanfaidh mé fuascailt oraibh arís. 14Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!” 15Dʼfhreagair clann Iosrael an Tiarna: “Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!” 16Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.
17Thionóil na hAmónaigh agus shuíodar a longfort i nGileád. Chruinnigh clann Iosrael agus shuíodar a longfort i Mizpeá. 18Ansin dúirt na daoine, ceannairí Ghileád, le chéile: “Cé chuirfidh ceann ar an gcath in aghaidh na nAmónach? Bíodh seisean i gceannas ar an muintir go léir atá ag cur fúthu i nGileád.”

Currently Selected:

Breithiúna 10: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in