Bible App logo
Search Icon

Íseáia 7

7
An Chéad Rabhadh do Áchaz
1Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.
2Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth. 3Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire, 4agus déarfaidh tú leis:
Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla;
ná bíodh do chroí anbhann,
de bharr an dá ghal soip úd,
5as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá,
a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:
6Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann
agus chun a ghabháil dúinn féin,
agus déanfaimid rí ann
de mhac Thaibéal.’
7Mar seo a deir an Tiarna Dia:
‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.
8Is í an Damaisc ceann Arám,
agus Reizín, ceann na Damaisce;
Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,
beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,
9is í an tSamáir ceann Eafráim,
agus mac Ramailiá ceann na Samáire.
Ach mura seasann sibhse liomsa,
níl seasamh i ndán daoibh.’ ”
An Dara Rabhadh: Comhartha Imeánuéil
10Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt: 11“Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.” 12Dʼfhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.” 13Ansin dúirt sé:
“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,
an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine
go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
14Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.
Seo, tá an ógbhean ag iompar
agus ar tí mac a shaolú,
agus tabharfaidh sí Imeánuéil mar ainm air.
15Bleacht agus mil a chothóidh é
go dtí go mbeidh a fhios aige
diúltú don olc agus an mhaith a roghnú.
16Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc
agus an mhaith a roghnú,
beidh an tír úd ina díthreabh,
agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.
17Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal
agus ar theaghlach dʼathar
laethe nár tháinig a leithéid
ón am a scar Eafráim le Iúdá
(rí na hAsaíre).
18Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltóga
as bun abhann na hÉigipte,
agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,
19chun go dtiocfaidís go léir a thuirling
ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha,
ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.
20Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh
le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn
(rí na hAsaíre);
an ceann agus fionnadh an choirp,
go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.
21Sa lá sin, tógfaidh gach duine
aon bhó amháin agus dhá chaora,
22agus de bharr flúirseacht an táil,
bia bleachta agus mil a chothóidh
a bhfuil fágtha sa tír.
23Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin,
arbh fhiú míle píosa airgid iad,
ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.
24Beidh gá le bogha agus le saigheada ag dul isteach ann,
óir driseacha agus sceacha a bheidh sa talamh ar fad.
25Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn,
ní rachaidh aon duine iontu níos mo,
le heagla roimh na driseacha agus na sceacha;
fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.”

Currently Selected:

Íseáia 7: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in