Íseáia 57:15-16
Íseáia 57:15-16 ABN
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite. Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.





