Íseáia 50
50
An Slánú ar Fáil i gCónaí
1Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:
Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea,
an dintiúr lenar chuir mé uaim í?
Nó cé acu de mo chreidiúnaithe
ar dhíol mé sibh leis?
De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh,
de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.
2Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham,
agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt?
An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte?
An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála?
Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige,
déanaim gaineamhlach de na haibhneacha;
tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.
3Éadaím na spéartha le dúchan bróin,
cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.
Tríú hAmhrán Ghiolla an Tiarna
(a) Labhraíonn an Giolla
4Thug an Tiarna Dia dom
teanga an aos léinn.
Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta
spreagann sé briathar ionam.
Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm
chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
5An Tiarna Dia, is é a dʼoscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,
níor theann mé ar gcúl.
6Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;
níor cheil mé mo ghnúis
ar mhasla ná ar sheile.
7Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,
bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
8An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.
An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?
Tagaimis beirt i láthair, má tá.
An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?
Seasadh sé chugam amach!
9Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom,
cé a thabharfadh ciontach mé?
Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh,
agus iad á gcreimeadh ag leamhain.
(b) Gríosú chun an Giolla a Leanúint
10Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna,
éisteadh sé le glór a Ghiolla!
An té a shiúlann sa dorchadas
agus gan léas le feiceáil aige,
cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna,
baineadh sé taca as a Dhia.
11Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine,
corraíonn sibh suas an ghríosach.
Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh
agus sa ghríosach atá adhainte agaibh.
Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin,
suífidh sibh fúibh i bpeannaid.
Currently Selected:
Íseáia 50: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.