Íseáia 37
37
Comhairle Íseáia Fáidh á Lorg
1Ar a chlos sin dó, stróic an rí Hiziciá a chuid éadaigh, chuir éadach róin air féin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna. 2Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz. 3Dúirt siad leis: “Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú. 4Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”
5Nuair a bhí airí an rí Hiziciá tagtha i láthair Íseáia, 6dúirt seisean leo: “Déarfaidh sibh le bhur máistir: Seo é briathar an Tiarna: Ná bíodh eagla ort tar éis a bhfuil cloiste agat nuair a bhí giollaí rí na hAsaíre ag caitheamh masla liom. 7Tá mé chun spiorad a chur ann agus cloisfidh sé scéala a thabharfaidh ar ais chuig a thír féin é; cuirfidh mé faoi deara go dtitfidh sé leis an gclaíomh ansin.”
An tArdoifigeach ar ais Arís
8Dʼimigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil. 9Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis: 10“Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre. 11Chuala tú cinnte a bhfuil déanta ag ríthe na hAsaíre ar na tíortha go léir, á dtabhairt suas don léirscrios, agus an dóigh leat go dtiocfaidh tusa slán? 12Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil–Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]? 13Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”
14Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í. 15Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna: 16“A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.
17Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom;
oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn.
Éist le focail Shanaichéiríb
a chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo.
18“Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte; 19chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad. 20Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”
Eadráin Íseáia
21Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. 22Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne:
Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat,
an mhaighdean, iníon Shíón;
craitheann sí a ceann ar do chúla,
iníon Iarúsailéim.
23Cé dhó ar thug tú masla agus aithis?
Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn
agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach?
I gcoinne Neach Naofa Iosrael!
24Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna.
Dúirt tú: Le hiomad mo charbad
chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte,
ar bheanna iargúlta na Liobáine.
Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais,
an chuid is áille dá cufróga.
Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann
agus na cluainte i lár a cuid caschoille.
25Thochail mé toibreacha agus dʼól mé uiscí na coigríche;
thriomaigh mé le bonn mo choise
srutháin na hÉigipte go léir.
26An ea nár chuala tú? Fadó riamh
a bhí sin leagtha amach agam;
sna laethe anallód a bheartaigh mé é,
anois tá sé á chur i gcrích agam.
Ba é ba chinniúint duitse
dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
27Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh,
lán uafáis agus scéine,
ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa,
féar bharr na dtithe agus na ngort
á sheargadh ag an gaoth anoir.
28Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú,
nuair a ghabhann tú amach agus isteach.
29Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm
agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa,
cuirfidh mé fáinne i do shrón
agus mo bhéalbhach le do bheola,
agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais,
siar an bealach a tháinig tú!
Comhartha le haghaidh Hiziciá
30Beidh sé seo ina chomhartha agat:
Íosfar i mbliana grán a dʼfhás ar bhranar
agus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís,
ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar,
cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
31An fuílleach a bheidh fágtha de theaghlach Iúdá,
cuirfidh sé amach fréamhacha úra thíos agus toradh ar barr.
32Óir as Iarúsailéim rachaidh fuíoll áir amach
agus iarmhar ó shliabh Shíón.
Dúthracht Thiarna na Slua a chuirfidh an méid sin i gcrích.
Fáistine i dtaoibh na hAsaíre
33Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre:
Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach,
saighead ní scaoilfidh sé inti,
sciath ní ardóidh sé ina coinne,
Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.
34An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais;
ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo–briathar an Tiarna.
35Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil
ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”
Oidhe Shanaichéiríb
36An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh. 37Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus dʼimigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann. 38Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus dʼimigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad.
Currently Selected:
Íseáia 37: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: