YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 33

33
Salm Dóchais
1Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh,
a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós!
nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa;
nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.
2A Thiarna, bí ceansa linn,
is leatsa atá ár súil.
Bí i do lámh shábhála againn gach maidin,
slánaigh sinn in aimsir trioblóide.
3Le torann do theacht teitheann na ciníocha,
nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin;
4scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í,
tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.
5Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas;
líonann sé Síón le ceart agus le cóir.
6Is é cúl taca na haimsire é;
an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn,
is í eagla an Tiarna is taisce dó.
Idirghabháil ón Tiarna
7Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard,
na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.
8Tá na bealaí móra tréigthe,
níl aon duine ag taisteal na mbóithre.
Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe,
ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.
9Tá an tír ag mairgneach agus ag meath;
tá an Liobáin feoite le náire.
Is geall le gaineamhlach Seárón;
tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.
10“Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí,
anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.
11Cáith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol;
tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh.
12Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad,
mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.
13Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam;
agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.”
14Tá uamhan ar na peacaigh i Síón,
tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha.
Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo?
Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”
15An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic,
agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra,
a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú,
a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola
agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc
16–beidh a chónaí siúd san aird thuas,
dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó,
soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
An Ghlóir le Teacht
17Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht,
dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach;
18meabhróidh tú an rud a bʼuafás croí duit:
Cá bhfuil sé siúd a bhíodh ag cuntas?
Cá bhfuil an té a dhéanadh an meá?
Cá bhfuil fear comháirimh na seod?
19Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha,
cine na hurlabhra doiléire dothuisceana,
cine na briotaíola gan bhrí.
20Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte,
luíodh do shúile ar Iarúsailéim,
í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú,
nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.
21Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise,
ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach,
mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith,
mar nach seolann aon árthach arrachtach;
22Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir,
is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,
23tá a théada scaoilte,
ní choinníonn siad an crann seoil níos mó,
ní chrochann siad an comhartha in airde.
Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin;
go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.
24Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: “Tá mé breoite”;
an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.

Currently Selected:

Íseáia 33: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in