Íseáia 29
29
Dán ar Iarúsailéim, dar Leasainm Airéal
1Och, a Airéal, a Airéal,
a chathair ba longfort do Dháiví.
Cuir bliain i gceann bliana,
tagadh na féilte thart ina gcúrsa;
2ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann,
beidh éagaoin ann agus éagnach.
Beidh tú i dʼAiréal agam go dearfa, i do thóiteán tine;
3suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví,
cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort,
tógfaidh mé claíocha léigir i dʼéadan.
4Beidh tú leagtha ar lár–do ghlór ag labhairt ón talamh
agus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib.
Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann,
agus do chaint as an láib ina gíogarnach.
5Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin
agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha.
Agus go tobann, gan choinne,
6beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua,
le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór,
le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach
7Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche
do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.
8Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe,
músclaíonn sé agus a bholg folamh;
nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól,
músclaíonn sé go fannlag agus é spallta;
is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha
a chuireann comhrac ar shliabh Shíón.
9Bígí bómánta agus dobhránta,
bígí dall agus caoch;
bígí ar meisce, ach ní le fíon,
ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
10Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain
a dhoirteadh sa mhullach oraibh;
thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe,
agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
An Foilsiú ina Rún
11Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.” 12Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”
Fáistine
13Deir an Tiarna:
“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,
agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,
san áit gur fada uaim atá a gcroí
agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna
atá de ghlanmheabhair acu,
14mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,
éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.
Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,
tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”
In Éadan lucht Droch-Chomhairle
15Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain
dʼfhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,
ag beartú a gcealga sa dorchadas
agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”
16Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!
An ionann an criadóir agus a chuid cré?
An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:
“Ní dá dhéanamh siúd mise”?
nó don bpota a rá faoin bpotaire:
“Níl ceird ar bith aige”?
17Achar gairid fós, agus is gairid é,
go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,
agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.
18An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,
agus as lár an dúcháin agus an dorchadais
tiocfaidh radharc i súile na ndall.
19Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís,
agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
20mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide,
agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:
21an dream seo a chiontaíonn duine le focal,
a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata,
a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
22Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna,
Dia theaghlach Iacóib,
an té a rinne Abrahám a fhuascailt:
“Ní bheidh náire ar Iacób feasta,
ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,
23óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair
agus déanfaidh sé mʼainmse a naomhú.
Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú,
beidh eagla roimh Dhia Iosrael.
24Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana,
agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”
Currently Selected:
Íseáia 29: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: