Eazrá 9
9
Póstaí Measctha
1Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí–na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh– 2ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.” 3Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus mʼfhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus mʼfhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne. 4Agus gach n‑aon a chuir briathra Dé Iosrael ar ballchrith, chruinnigh siad i mo thimpeall toisc mídhílseacht seo na ndeoraithe a dʼfhill. Ach maidir liomsa, bhí mé i mo shuí ansiúd in anbhainne go tráth íobairt an tráthnóna. 5Um thráth íobairt an tráthnóna, dʼéirigh mise, Eazrá, as an toirchim ina raibh mé, agus lig mé mé féin fúm ar mo ghlúine agus mo chuid éadaigh agus mʼfhallaing stróicthe. Shín mé mo lámha amach chun an Tiarna mo Dhia 6agus dúirt:
“A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus mʼaghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis. 7Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu. 8Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; dʼfhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas. 9Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim. 10Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar dʼaitheanta? 11Na haitheanta a dʼaithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann. 12Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfágfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’
13“Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta–cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn– 14an mbrisfimidne dʼaitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil? 15A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr dʼfhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir dʼaon duine seasamh i do láthair.”
Currently Selected:
Eazrá 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: