Eizicéil 48
48
Roinnt na Tíre
1“Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán. 2Ar aon teorainn le Dán, anoir siar, roinn amháin do Áiséar. 3Ar aon teorainn le hÁiséar, anoir siar, roinn amháin do Naftáilí. 4Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise. 5Ar aon teorainn le Manaise, anoir siar, roinn amháin do Eafráim. 6Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen. 7Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá. 8Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.
9“Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead. 10Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire. 11Is do na sagairt choisricthe é sin, do mhic Zádóc a chomhlíon a ndualgais dom agus nár imigh ar seachrán nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán, amhail na Léivítigh. 12Gheobhaidh siad roinn as roinn rónaofa na tíre ar aon teorainn le fearann na Léivíteach. 13Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle. 14Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna.
15“An fuílleach, cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle is fiche ar fad, is le haghaidh na cathrach é, le haghaidh tithe cónaithe agus páirceanna. Beidh an chathair i lár báire; 16agus seo mar a thomhaisfear í: ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thuaidh, ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh theas; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thoir; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thiar. 17Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar. 18Fágfar deich míle banlámh soir agus deich míle siar ar aon teorainn leis an roinn naofa; beidh a thoradh seo mar bhia ag lucht oibre na cathrach. 19Tiocfaidh an lucht oibre cathrach seo ó gach treibh in Iosrael á shaothrú. 20An roinn seo a chuirfidh tú ar leataobh beidh sí ina cearnóg, cúig mhíle banlámh is fiche ar gach taobh; is é sin an roinn naofa agus talamh na cathrach le chéile. 21Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár báire. 22Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin. 23“Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin. 24Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon. 25Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár. 26Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun. 27Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád. 28Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. 29Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi–an Tiarna Dia a labhraíonn.
Geataí Iarúsailéim
30“Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir, 31beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael. 32Ar an taobh thoir, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Iósaef, geata Bhiniáimin, geata Dhán. 33Ar an taobh theas, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Shimeon, geata Íosácár, geata Zabúlun. 34Ar an taobh thiar, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Ghád, geata Áiséar, geata Naftáilí. 35Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”
Currently Selected:
Eizicéil 48: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: