Eizicéil 44
44
Cead Isteach sa Teampall
1Thug sé ar ais mé ansin go geata seachtrach an tsanctóra a fhéachann soir. Bhí sé dúnta. 2Dúirt an Tiarna liom: “Coimeádfar an geata seo dúnta. Ní osclófar é agus ní rachaidh aon duine tríd ó ghabh an Tiarna, Dia Iosrael, tríd. Dá bhrí sin coimeádfar dúnta é. 3Ceadófar don phrionsa amháin, áfach, suí ann lena bhéile a chaitheamh i láthair an Tiarna. Rachaidh sé isteach agus fágfaidh sé trí phóirse an gheata.”
4Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. Dʼamharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh. 5Dúirt an Tiarna liom: “A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n‑insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu. 6Abair le ceannaircigh mhuintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: A mhuintir Iosrael, bíodh deireadh le bhur n‑imeachtaí gránna uile, 7ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh. 8In ionad bhur ndualgais dom a chomhlíonadh sa sanctóir thug sibh cúram mo dhualgas do choimhthígh. 9Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.
Na Léivítigh
10“Na Léivítigh a thréig mé agus a chuaigh ar seachrán i bhfad uaim i ndiaidh a n‑íol nuair a chuaigh Iosrael ar seachrán, iompróidh siad ualach a bpeacaí féin. 11Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal. 12De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n‑íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n‑aghaidh–an Tiarna Dia a labhraíonn–go n‑iompróidh siad ualach a bpeaca. 13Ní bheidh cead acu triall orm arís chun gnó sagairt a dhéanamh liom, ná teacht in aice leis na nithe naofa liom ná na nithe rónaofa; ach beidh siad faoi náire ag na nithe gránna a rinne siad. 14Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh.
Na Sagairt
15“Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom–an Tiarna Dia a labhraíonn. 16Beidh cead isteach i mo shanctóir acu agus triallfaidh siad ar mo thábla le freastal orm; comhlíonfaidh siad mo liotúirge. 17Nuair a rachaidh siad isteach geataí na cúirte inmheánaí gléasfaidh siad in éide lín; ní bheidh aon olann orthu ag freastal dóibh ag geataí na cúirte inmheánaí agus istigh. 18Caithfidh siad turbain lín ar a gcinn agus bríste lín ar a leasrach; ní chríoslóidh siad iad féin le haon ábhar a thugann allas. 19Ar imeacht amach dóibh chuig pobal na cúirte seachtraí bainfidh siad díobh na héadaí ina ndearna siad freastal agus fágfaidh iad sna seomraí sa sanctóir; gléasfaidh siad in éadaí eile ar eagla go naomhóidís an pobal lena n‑éadaí. 20Ní bhearrfaidh siad a gcinn ná ní ligfidh siad fás fada faoina bhfolt; gearrfaidh siad é go measartha. 21Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach. 22Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í. 23Teagascfaidh siad do mo phobal rud naofa a aithint thar rud coitianta, an difear idir glan agus neamhghlan. 24Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag mʼfhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa. 25Ní thiocfaidh siad in aice le corpáin ar eagla go ndéanfaí neamhghlan iad; ach ar son athar nó máthar, ar son mic nó iníne, ar son dearthár nó deirféar nach bhfuil pósta, tá cead acu bheith neamhghlan. 26Nuair a ghlanfar fear acu fanfaidh sé seacht lá; 27ansin an lá a dtéann sé isteach sa chúirt inmheánach chun freastal sa sanctóir, ofrálfaidh sé a íobairt pheaca–an Tiarna Dia a labhraíonn. 28Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas. 29Íosfaidh siad an abhlann, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh; gach rud a chuirtear faoin mbang in Iosrael beidh sé acusan. 30Scoth na gcéadtorthaí de gach sórt agus an uile thabhartas de bhur n‑íobairtí uile, gheobhaidh na sagairt iad. Gheobhaidh na sagairt scoth bhur dtaois chomh mhaith, ionas go mairfidh beannacht i do theach. 31Ní íosfaidh na sagairt aon chuid dʼéan ná dʼainmhí a dʼéag uaidh féin nó a stolladh ó chéile.”
Currently Selected:
Eizicéil 44: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: