YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 2

2
Breith Mhaois agus a Óige
1Bhí duine de threibh Léiví agus phós sé bean de shliocht Leiví. 2Ghabh an bhean gin agus rug sí mac, agus nuair a chonaic sí gur bhunóc bhreá é, chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí. 3Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é. 4Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall féachaint cad a dhéanfaí leis. 5Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air. 6D'oscail, d'fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: “Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!” 7Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: “An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?” 8“Déan,” arsa iníon Fhorainn léi, agus d'imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh. 9Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil. 10Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”
11Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir. 12D'fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh. 13Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b'sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: “Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?” 14“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.” 15Nuair a chuala Forann ina thaobh, rinne sé iarracht ar Mhaois a mharú, ach theith Maois ó Fhorann agus d'fhan sé i dtír Mhidián. Shuigh sé láimh le tobar.
16Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n‑athar. 17Tháinig aoirí agus thiomáin ar shiúl iad, ach d'éirigh Maois agus d'fhóir orthu agus thug deoch dá dtréad. 18Nuair a thángadar mar a raibh Reúél, an t‑athair, dúirt seisean: “Nach luath atá sibh ar ais inniu!” 19“Shaor Éigipteach sinn,” ar siad, “ó lámha na n‑aoirí agus, fairis sin, tharraing sé uisce dúinn agus thug deoch don tréad.” 20Agus dúirt seisean lena iníonacha: “Cá bhfuil mo dhuine? Cén fáth é a fhágáil ansiúd? Iarraigí air teacht agus bia a chaitheamh linn.” 21Bhí Maois sásta cur faoi i bhfochair an duine seo agus thug seisean Zipiorá a iníon mar bhean dó. 22Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”
Maois á Ghlaoch
23Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé. 24D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób. 25D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].

Currently Selected:

Eaxodus 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy