Eistir (Gr) 7
7
1Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon 2agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: “Cén t‑iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.” 3Leis sin dʼfhreagair an bhanríon Eistir: “Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce mʼanama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí. 4Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.” 5Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus dʼfhiafraigh sé den bhanríon Eistir: “Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?” 6Dʼfhreagair Eistir: “Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!” Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona. 7Dʼéirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach dʼfhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh.
8Nuair a dʼfhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. “Cad é seo!” arsan rí. “An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?” Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán. 9Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: “Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.” “Croch uirthi sin é,” arsan rí. 10Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcróch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain.
Currently Selected:
Eistir (Gr) 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: