YouVersion Logo
Search Icon

Eifisigh 3

3
Misean Phóil
1Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe– 2tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair 3agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana 4agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint. 5Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. 6Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.
7Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin. 8Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe 9agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann, 10i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé 11de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna. 12Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé. 13Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.
Guí Phóil
14Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar 15óna n‑ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh. 16Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, 17go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá 18ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas [an ghrá] a thuiscint; 19go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé. 20Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a dʼiarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn. 21Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen.

Currently Selected:

Eifisigh 3: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in