YouVersion Logo
Search Icon

Dainéil (Gr) 2

2
Taibhreamh Nabúcadnazar: an Íomhá Chumaisc
1Sa dara bliain de réimeas Nabúcadnazar rinneadh taibhrimh do Nabúcadnazar i dtreo gur suaitheadh a spiorad agus gur thréig an codladh é. 2Ansin dʼordaigh an rí glaoch ar an lucht gintlíochta agus draíochta, ar na hasarlaithe agus ar na Caildéigh, chun a thaibhrimh a insint don rí. Tháinig siadsan isteach dá bhrí sin agus sheas siad i láthair an rí. 3Dúirt an rí leo ansin: “Chonaic mé taibhreamh agus buaireadh mo spiorad le fonn an taibhreamh a thuiscint.” 4Dʼfhreagair na Caildéigh an rí: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol. Inis do thaibhreamh do do shearbhóntaí agus léireoimid a chiall.” 5Dʼfhreagair an rí na Caildéigh: “Chun gurbh eol daoibh mo bheartas cinnte: mura léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall domsa, stollfar bhur mbaill óna chéile agus scartálfar bhur dtithe ó bhonn. 6Ach má léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall dom gheobhaidh sibh uaim tabhartais agus luaíochtaí agus iomad onóra. Léirígí dom an taibhreamh dá bhrí sin agus mínigí dom a chiall.” 7Dʼfhreagair siad athuair: “Insíodh an rí a thaibhreamh dá shearbhóntaí, agus léireoimidne a chiall.” 8Dúirt an rí á bhfreagairt: “Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha, 9mura n‑insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t‑aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t‑am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.” 10Dʼfhreagair na Caildéigh an rí: “Níl aon duine ar talamh a dʼfhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a dʼiarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach. 11Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.” 12Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus dʼordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh. 13Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe.
14Ach le stuaim agus le gaois dʼfhreagair Dainéil Airíoc, ceannaire gharda an rí a chuaigh amach chun saoithe na Bablóine a bhású. 15Dúirt sé le hAiríoc, ceann feadhna an rí: “Cad ina thaobh,” ar seisean, “go bhfuil ordú chomh dian sin ón rí?” Dʼinis Airíoc an scéal do Dhainéil, 16agus isteach le Dainéil agus dʼiarr ar an rí aga a thabhairt dó chun a chiall a léiriú don rí. 17Dʼfhill Dainéil ar a theach agus lig sé an scéal le Hanainiá, Míséil agus Azairiá, a chompánaigh, 18chun go n‑impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine. 19Ansin foilsíodh an rúndiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe. 20Dúirt Dainéil:
Go mbeannaítear ainm Dé ó aois go haois
mar gur aige atá eagna agus cumhacht.
21Athraíonn sé uaine agus réanna
agus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe,
a thugann eagna do shaoithe,
agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu.
22Is é a léiríonn a bhfuil domhain agus diamhair,
a bhfuil a fhios aige cad atá sa dorchacht
a bhfuil an solas ina chónaí fairis.
23Duitse, a Dhia mʼaithreacha, a bheirim buíochas agus moladh
Mar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht];
féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon;
léirigh tú dúinn fadhb an rí.
24Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: “Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.” 25Ansin bhrostaigh Airíoc Dainéil isteach i láthair an rí agus dúirt sé leis: “Fuair mé i measc bránna Iúdá duine a inseoidh an chiall don rí.” 26Labhair an rí le Dainéil (ar a dtugtaí Béiltiseazar): “An féidir leat,” ar seisean, “an taibhreamh a chonaic mé agus a chiall sin, a léiriú dom?” 27Dʼfhreagair Dainéil an rí: “An rún atá á lorg ag an rí, ní féidir le saoithe ná le draoithe, le hasarlaithe ná le fáistinigh, é a thaispeáint don rí. 28Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo dʼaisling agus físeanna do chinn ar do leaba:”
29“I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, dʼfhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche. 30Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí. 31Deineadh fís duit, a rí. Féach íomhá, íomhá ollmhór, í ar bharr gile agus ina seasamh os do chomhair go haduafar le feiceáil. 32Dʼór fíre ceann na híomhá, a hucht agus a géaga dʼairgead, a bolg agus a sliasta de phrás, 33a cosa dʼiarann agus a troithe i gcuid dʼiarann, i gcuid de chré. 34Dʼfhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe dʼiarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh. 35Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile. 36Bʼshin an aisling, agus inseoimid a chiall anois i láthair an rí.”
37“Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir; 38cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin. 39I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile. 40Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t‑iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t‑iarann a bhriseann gach ní. 41Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh dʼiarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib. 42Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh dʼiarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon. 43Mar a chonaic tú an t‑iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t‑iarann leis an gcré. 44I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách, 45díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.”
46Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus dʼordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó. 47Dúirt an rí le Dainéil: “Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó dʼfhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.” 48Thug an rí onóir ard do Dhainéil agus iomad duaiseanna móra: rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine uile, agus maor ar shaoithe uile na Bablóine. 49Rinne Dainéil achainí chun an rí ansin i dtreo gur chuir sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, ach dʼfhan Dainéil féin i gcúirt an rí.

Currently Selected:

Dainéil (Gr) 2: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in