Dainéil (Gr) 14
14
Béil is an Dragan
1Cuireadh Aistíagaes chun suain lena aithreacha, agus fuair Cíoras an Peirseach seilbh ar a ríocht. 2Mhair Dainéil mar aoi ag an rí agus ba é cara ba mhó é a fuair onóir uaidh. 3Anois bhí íol, Béil, ag na Bablónaigh, agus dʼofrálaidís sa lá dó dhá bhuiséal déag de phlúr mín, daichead caora, agus leathchéad galún fíona. 4Bhíodh an rí á adhradh freisin agus théadh sé gach lá chun ómós a thabhairt dó. Ach Dainéil, thug sé siúd adhradh dá Dhia féin. 5Agus dúirt an rí leis: “Cén fáth nach n‑adhrann tú Béil?” Dʼfhreagair sé: “Mar nach íola a rinne lámha daonna a adhraimse, ach an Dia beo a rinne neamh agus talamh ag a bhfuil cumhacht ar an uile fheoil.” 6“Nach dóigh leat,” arsa an rí “gur dia beo Béil? Nach bhfeiceann tú a n‑itheann agus n‑ólann sé gach lá?” 7Agus bhris a gháire ar Dhainéil. “Ná mealltar thú, a rí,” ar seisean, “níl anseo ach cré laistigh, prás lasmuigh, agus níor ith ná níor ól sé aon ní riamh.” 8Tháinig fearg ar an rí agus chuir sé fios ar na sagairt agus dúirt sé leo: “Mura n‑insíonn sibh dom cé a itheann na soláthairtí bia seo, cuirfear chun báis sibh; ach má chruthaíonn sibh gurb é Béil a itheann iad, is é Dainéil a chuirfear chun báis mar thug sé masla do Bhéil.” 9Dúirt Dainéil leis an rí: “Go ndéantar de réir do bhriathair!” Ba é a deich agus trí fichid líon na sagart, gan a mná agus a bpáistí a chomhaireamh. 10Chuaigh an rí isteach i dteampall Bhéil le Dainéil. 11Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.” 12Ní raibh aon mhairg orthu mar bhí slí rúin déanta isteach faoin mbord acu agus ba ghnáth leo dul isteach tríthi agus an lón a chaitheamh. 13Nuair a bhí siad imithe amach leag an rí an bia amach roimh Bhéil. 14Ansin dʼordaigh Dainéil dá sheirbhísigh luaith a thabhairt chuige agus leath siad í ar fud urlár an teampaill uile agus gan aon duine ach an rí amháin i láthair. Ansin amach leo; dʼiaigh siad an doras, shéalaigh siad é le séala an rí, agus dʼimigh siad leo.
15Tháinig na sagairt istoíche, mar ba ghnáth, lena mná is a bpáistí, agus dʼith siad agus dʼól siad a raibh ann. 16Dʼéirigh an rí go moch agus tháinig sé agus Dainéil fairis. 17Dʼfhiafraigh an rí: “An bhfuil na séalaí gan briseadh, a Dhainéil?” “Tá siad slán, a rí,” dʼfhreagair Dainéil. 18A luaithe a dʼoscail sé an doras, dʼfhéach an rí ar an mbord agus ghlaoigh in ard a chinn: “Is mór tú, a Bhéil, agus níl caimiléireacht ar bith ag baint leat.” 19Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a dʼfhág rian seo na gcos.” 20“Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí. 21Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh. 22Chuir an rí chun báis iad agus thug sé Béil suas do Dhainéil; scrios sé siúd an t‑íol agus a theampall.
23Bhí sa Bhablóin dragan mór a bhí á adhradh ag an bpobal. 24Dúirt an rí le Dainéil: “Ní féidir duit a shéanadh gur dia beo é seo! Adhair é dá bhrí sin.” 25Dʼfhreagair Dainéil: “Adhraim an Tiarna mo Dhia; is é sin is Dia beo ann. 26A rí, le do chead, maróidh mé an dragan gan chlaíomh, gan lorg.” “Ceadaím sin duit,” arsa an rí. 27Ansin fuair Dainéil pic agus blonag agus fionnadh, agus bheirigh sé le chéile iad agus rinne cístí astu agus thug iad le hithe don dragan. Shlog sé siar iad agus phléasc sé! Dúirt Dainéil: “Féach cad a bhí agaibh a adhradh!” 28Nuair a chuala na Bablónaigh é tháinig fearg mhór orthu agus dʼéirigh siad amach i gcoinne an rí. Dúirt siad: “Tá Giúdach déanta den rí! Mhill sé Béil, mharaigh sé an dragan, agus chuir sé na sagairt chun báis!” 29Chuaigh siad faoi dhéin an rí agus dúirt siad: “Scaoil chugainn Dainéil, nó cuirfimid chun báis thú féin agus do theaghlach.” 30Chonaic an rí go raibh siad ag brú go dian air agus chaith sé géilleadh agus Dainéil a thabhairt i láimh dóibh.
31Theilg siad Dainéil isteach in uaimh na leon agus bhí sé ansiúd ar feadh sé lá. 32Bhí seacht leon san uaimh agus is é bia a thugtaí dóibh dhá chorp dhaonna agus dhá chaora sa lá; ach níor tugadh dóibh ansin iad chun go n‑alpaidís Dainéil.
33Bhí an fáidh Habacúc in Iúdá an uair sin; bhí leite bhruite agus bruscar aráin aige i mbabhla, agus é á dtabhairt leis don ghort chun na mbuanaithe. 34Ach dúirt aingeal an Tiarna le Habacúc: “Beir leat an bia atá agat go dtí an Bhablóin, go Dainéil in uaimh na leon.” 35“A Thiarna,” arsa Habacúc, “ní fhaca riamh an Bhablóin, ná ní eol dom an uaimh seo.” 36Ansin rug aingeal an Tiarna ar mhullach a chinn air agus dʼardaigh leis ar urla é le luas na gaoithe chun na Bablóine mar ar lig sé síos é ar bhéal na huaimhe. 37Ghlaoigh Habacúc: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé, tóg an dinnéar a chuir Dia chugat.” 38Agus dúirt Dainéil: “A Dhia liom, chuimhnigh tú orm agus níor thréig tú iad siúd a ghránn tú.” 39Dʼéirigh Dainéil agus dʼith sé an bia. Agus dʼfhág aingeal Dé Habacúc ar ais ina dhúiche féin gan mhoill. 40Ar an seachtú lá tháinig an rí chun Dainéil á chaoineadh. Chuaigh sé chun na huaimhe agus dʼfhéach isteach agus bʼshiúd é Dainéil ina shuí go sochma. 41Dʼéigh an rí in ard a ghutha agus dúirt: “Is éachtach tú a Thiarna Dia Dhainéil agus níl aon Dia eile ann ach thú!” 42Tharraing sé Dainéil amach ansin as uaimh na leon agus theilg isteach inti iad seo arbh áil leo é a chur chun báis; alpadh iad laithreach baill os comhair a shúl.
Currently Selected:
Dainéil (Gr) 14: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: