Colosaigh 3:16-17
Colosaigh 3:16-17 ABN
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.

















