Amós 1:1-2
Amós 1:1-2 ABN
Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.





