YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 27:9-12

Gníomhartha 27:9-12 ABN

Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh á rá: “Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.” Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil. Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.