2 Teasalónaigh 1
1
Beannú
1Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú dʼeaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. 2Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
Buíochas
3Tá sé dʼfhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid. 4Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn. 5Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son; 6agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse 7agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois. 8Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa. 9Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta, 10an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh.
11Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh. 12Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost.
Currently Selected:
2 Teasalónaigh 1: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: