2 Samúéil 7
7
Fáistine Nátán
1A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall, 2dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!” 3Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.”
4An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán: 5“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí? 6Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth. 7Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: “Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?” 8Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. 9Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. 10Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh 11an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. 12Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. 13(Eisean a thógfaidh teach do mʼainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.) 14Beidh mé i mʼathair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. 15Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. 16Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”
17Dʼinis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.
Urnaí Dháiví
18Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé? 19Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia). 20Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia? 21Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a dʼfhoilsigh tú é seo do do shearbhónta. 22Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin. 23An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal? 24De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta. 25Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú. 26Beidh dʼainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair, 27ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a dʼfhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat. 28Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta. 29Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.”
Currently Selected:
2 Samúéil 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: