2 Samúéil 5
5
Dáiví, Rí Iúdá agus Iosrael
1Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. 2San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i dʼaoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ” 3Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
4Bhí Dáiví tríocha bliain dʼaois nuair a rinneadh rí de agus dʼfhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain. 5Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.
Iarúsailéim
6Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.) 7Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví. 8Dúirt Dáiví an lá sin: “Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].” Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: “Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.”) 9Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach. 10Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta.
11Chuir Híorám rí Thuíre toscairí go dtí Dáiví le crainn chéadrais, saoir adhmaid agus chloiche, agus thógadar rítheach do Dháiví. 12Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.
13Tar éis teacht ó Heabrón dó, ghlac Dáiví le leannáin agus le mná eile in Iarúsailéim, agus rugadh a thuilleadh mac agus iníonacha dó. 14Seo iad ainmneacha na clainne a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobán, Nátán, Solamh, 15Ibcheár, Eilíseúa, Neifig, 16Eilíseámá, Eilíádá, Eilifeálat.
Bua ar na Filistínigh
17Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort. 18Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím. 19Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” Dʼfhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.” 20Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. 21Dʼfhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.
22Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. 23Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus dʼfhreagair sé: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gábh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. 24Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.” 25Rinne Dáiví mar a dʼordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir.
Currently Selected:
2 Samúéil 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: