YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 17

17
1Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin. 2Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt, 3agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.” 4Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir.
5Ansin dúirt Aibseálóm: “Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.” 6Nuair a tháinig Húisí go hAibseálóm, dúirt Aibseálóm leis: “Sin mar a deir Aichítifeil; an ndéanfaimid mar a deir sé? Mura ndéanfaimid, abair rud éigin tú féin.” 7Ansin dúirt Húisí le hAibseálóm: “An chomhairle a thug Aichítifeil an turas seo, ní maith í.” 8Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad dʼathair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag dʼathair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm. 9Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm. 10Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é dʼathair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta. 11Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith. 12Tiocfaimid air cibé áit ina bhfuil sé le fáil; titfimid sa mhullach air faoi mar a thiteann an drúcht ar an talamh gan eisean ná aon duine ina chuideachta a fhágáil beo. 13Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.” 14Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
15Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: “Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle dʼAibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh. 16Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: ‘Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gábh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t‑arm go léir in éineacht leis.’ ”
Faigheann Dáiví Rabhadh
17Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad. 18Chonaic ógánach iad ámh agus dʼinis an scéal dʼAibseálóm. Dʼimigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann. 19Fuair an bhean brat agus leath sí é ar bhéal an tobair, agus chroith arbhar meilte air gan aon ní a fhágáil le feiceáil.
20Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. Dʼfhreagair an bhean: “Dʼimíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad dʼfhill siad ar Iarúsailéim. 21Tar éis dóibh imeacht, tháinig na fir amach as an tobar agus dʼimíodar leo le rabhadh don rí Dáiví. “Imigh leat,” ar siad le Dáiví, “agus gábh anonn thar uisce gan mhoill, mar thug Aichítifeil a leithéid seo de chomhairle i do thaobh.” 22Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin.
23Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus dʼimigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
Buaitear ar Aibseálóm
24Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis. 25Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo. 26Shuigh Iosrael agus Aibseálóm a longfort i gcríocha Ghileád.
27Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím– 28thugadarsan tochtanna, báisíní, crúscaí cré, cruithneacht, eorna, min, grán, pónairí, lintilí, 29mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. “Mar,” a dúradar, “tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.”

Currently Selected:

2 Samúéil 17: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in