2 Ríthe 4
4
Míorúiltí Eilíseá: Ola na Baintrí
1Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, mʼfhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.” 2Dúirt Eilíseá léi: “Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?” “Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,” dʼfhreagair sí. 3Ansin dúirt sé léi: “Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh. 4Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.” 5Dʼimigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu. 6Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: “Sín chugam crúsca eile.” “Níl ceann eile ann,” ar sé léi. Ansin stad an ola. 7Dʼimigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agus dʼfhreagair sé:
“Imigh agus díol an ola agus díol dʼfhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
Leanbh Beo Arís
8Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin. 9Dúirt sí lena fear céile: “Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne. 10Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.” 11Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí. 12Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.” Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair. 13Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach dʼfhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.” 14“Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?” a dʼfhiafraigh sé. Dʼfreagair Géichizí: “Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.” 15Dúirt Eilíseá: “Cuir fios uirthi.” Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras. 16“Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do dʼionailt.” 17Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
18Nuair a bhí an leanbh fásta chuaigh sé amach lá chuig a athair a bhí in éineacht leis na buanaithe. 19Ar seisean lena athair: “Ó mo cheann, mo cheann!” Dʼiarr an t‑athair ar dhuine de na searbhóntaí é a iompar chuig a mháthair. 20Thóg seisean suas é agus dʼiompair chuig a mháthair é. Bhí an gasúr ar a glúine aici go meán lae agus fuair sé bás ansin. 21Chuaigh sí in airde staighre agus dʼfhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus dʼimigh amach. 22Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.” 23“Cad ab áil leat chuige inniu?” a dʼfhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach dʼfhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.” 24Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.” 25Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: “Féach, seo chugainn ár Siúnaemach! 26Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: ‘An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil dʼfhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?’ ” Dʼfhreagair sí: “Tá.” 27Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.” 28Ansin dúirt sí: “Ar iarras mac ar mo thiarna? Nár dhúirt mé: ‘Ná meall mé’?” 29“Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.” 30Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus dʼéirigh sé dá bhrí sin agus lean í. 31Ghabh Géichizí ar aghaidh rompu agus leag an bata ar aghaidh an linbh, ach ní raibh glór as ná rian den dé ann. Chuaigh sé ar ais mar sin go hEilíseá, agus dúirt leis: “Níor mhúscail an leanbh.”
32Nuair a tháinig Eilíseá isteach, fuair sé an leanbh ina luí marbh ar a leaba. 33Ar dhul isteach dó, dhún sé an doras, gan ach an bheirt acu istigh, agus ghuigh sé chun an Tiarna. 34Ansin chuaigh sé suas ar an leaba agus shín é féin ar an leanbh béal le béal, súile le súile, lámha le lámha. Le linn dó a bheith sínte air, tháinig teas i gcorp an linbh. 35Ansin dʼéirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n‑uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus dʼoscail sé a shúile. 36Chuir sé fios ar Géichizí ansin: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,” ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: “Tóg suas do mhac.” 37Chuaigh sí isteach agus chaith í féin ag a chosa ag umhlú síos go talamh dó. Ansin thóg sí suas a mac agus dʼimigh amach.
Míorúiltí Bia
38Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: “Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.” 39Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad. 40Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: “A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,” agus níorbh fhéidir leo é a ithe. 41“Tugaigí min dom más ea,” arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: “Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.” Agus ní raibh aon nimh sa choire.
42Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá. 43Dʼfhreagair a sheirbhíseach: “Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?” “Tabhair don phobal é le hithe,” ar seisean go daingean, “óir seo mar a deir an Tiarna: ‘Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.’ ” 44Roinn sé orthu é. Dʼith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna.
Currently Selected:
2 Ríthe 4: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: