YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 33

33
Peacaí Mhanaise
1Bhí Manaise dhá bhliain déag dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim. 2Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. 3Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh. 4Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “Beidh mʼainm in Iarúsailéim go brách.”
5Thóg sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna. 6Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghríogadh chun feirge. 7An íomhá ghreanta dʼíol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do mʼainm go brách. 8Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir, na reachtanna agus na bhforálacha, a thug mé trí Mhaois.” 9Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael. 10Labhair an Tiarna le Manaise agus lena phobal, ach níor thug siad aird air.
Aithrí Mhanaise
11Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é. 12Nuair a bhí sé i gcruachás dʼimpigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus dʼumhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear. 13Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus dʼéist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna. 14Thóg sé balla seachtrach ansin do chathair Dháiví sa ghleann laistiar de Ghíohón, ar aghaidh go dtí Geata an Éisc; ghabh sé timpeall an Oifil, agus chuir sé go mór lena airde. Cheap sé freisin ceannairí airm i ngach cathair dhaingean de chuid Iúdá.
15Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad. 16Dʼatóg sé altóir an Tiarna agus dʼofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus dʼordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael. 17Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin. 18An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael. 19A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe]. 20Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus dʼadhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit.
Ámón an Oilc
21Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim. 22Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. Dʼofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair. 23Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a dʼumhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá]. 24Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach. 25Ach rinne muintir na tuaithe iad siúd a rinne comhcheilg in aghaidh an rí, Ámón, a chur chun báis agus dʼfhógair siad a mhac Ióisíá ina rí ina áit.

Currently Selected:

2 Croinicí 33: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in