2 Croinicí 27
27
Iótám
1Bhí Iótám cúig bliana fichead dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair. 2Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, de réir mar rinne a athair Uiziá roimhe–ach gan dul isteach i sanctóir an Tiarna. Bhí an pobal fós, ámh, ar chosáin na coiriúlachta. 3Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna agus rinne sé a lán tógála ar bhalla Oifil. 4Thóg sé cathracha chomh maith ar ardáin Iúdá, agus dúnta agus túir sna foraoiseacha sléibhe. 5Chuir sé cath ar rí na nAmónach agus chloígh iadsan. Thug na hAmónaigh céad tallann airgid dó an bhliain sin agus deich míle tomhas cruithneachta agus deich míle tomhas eorna. Ba í sin an tsuim nár mhór do na hAmónaigh a dhíol, rud a rinneadar an dara bliain agus an tríú bliain. 6Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia. 7An chuid eile de stair Iótám, a chogaí go léir, agus a bhearta, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá? 8Bhí sé cúig bliana fichead dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. 9Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i gcathair Dháiví; tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.
Currently Selected:
2 Croinicí 27: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: